RÁITEAS PRÍOBHÁIDEACHAIS
AR | BG | CS | DA | DE | EN | ES | FR | FR-CA | GA | HE | HR | HU | ID | IT | JA | KO | LA | LT | MS | MX | NL | NO | PL | PT | RO | RU | SV | TH | TR | TW | UK | ZH-HK

A. Na Seirbhísí a Chlúdaíonn an Ráiteas Príobháideachais seo

Ag eShopWorld, aithnímid go bhfuil an príobháideachas agus an tsábháilteacht ina n-ábhar cúraim ag ár gcustaiméirí go léir agus táimid tiomanta do do chearta a chosaint.

Tá feidhm ag an Ráiteas Príobháideachais seo i leith na rochtana agus na húsáide a bhaineann tú as ár seirbhísí, as an inneachar, as na gnéithe, as na teicneolaíochtaí nó as na feidhmeanna atá arna dtairiscint trínár suíomhanna agus trínár suíomhanna gaolmhara ar fad (na "suíomhanna"), agus i leith na bhfeidhmeanna (na "Seirbhísí" a thugtar orthu seo go léir le chéile) (áirítear air seo eolas ar bith maidir leis an úsáid a bhaineann tú as na Seirbhísí).

B. Aidhm an Ráitis seo

Is éard is aidhm lenár Ráiteas Príobháideachais ná a chur in iúl duit, chomh soiléir agus is féidir:

1. Cén chaoi a mbainfimid úsáid as an eolas pearsanta fút i dtreo is go mbeidh tú in ann a chinneadh an mian leat an t-eolas pearsanta fút a thabhairt dúinn, agus go mbeimid in ann na seirbhísí is rogha leat a chur ar fáil; agus

2. Cén chaoi a chosnóidh eShopWorld an t-eolas pearsanta fút, agus céard iad na treoirlínte a mbainimid leas astu chun an t-eolas pearsanta a thugann tú dúinn a chosaint.

Molaimid duit an Ráiteas Príobháideachais seo a amharc, a léamh, a íoslódáil agus a shábháil.

Sa Ráiteas Príobháideachais seo ciallaíonn "eShopWorld", "ár", "sinn" nó "muid" U.S. Direct E-Commerce Teoranta (ag trádáil mar eShopWorld), mar aon le gach aon cheann dá chuideachtaí grúpa.

Cuideachta arna ionchorprú in Éirinn is ea U.S. Direct E-Commerce Teoranta dar uimhir chláraithe cuideachta 479237 agus a bhfuil a oifig chláraithe ag Bloc Theas, Foirgneamh na Slí Dála, 110-115 Páirc Ghnó Airside, Sord, Contae Bhaile Átha Cliath, Éire.

Trí bhosca an toilithe a thiceáil, tá tú ag toiliú leis an eolas pearsanta fút a bheith á bhailiú, á phróisiú, á stóráil, á nochtadh agus á úsáid i mbealach ar bith eile ag eShopWorld de réir an Ráitis Phríobháideachais seo.

Féadann tú do thoiliú a tharraingt siar am ar bith tar éis duit é a thabhairt agus féadann tú déanamh amhlaidh trí dhul i dteagmháil linn de réir na sonraí atá tugtha thíos ag Tuilleadh Eolais – An Chaoi le Teacht Orainn.

Nuair a bhaineann tú úsáid as ár Seirbhísí trí cheann ar bith de na suíomhanna, féadaimid an t-eolas seo a leanas a iarraidh, a choimeád agus a úsáid (féadann an miondíoltóir an t-eolas seo a stóráil chomh maith):

  • eolas pearsanta, mar shampla, ainm, seoladh poist, uimhir teileafóin, seoladh ríomhphoist, dáta breithe (áit a dteastaíonn) uimhir I.D. nó eolas aitheantais eile;

  • eolas a chuireann an miondíoltóir chugainn;

  • sonraí cárta bainc chun an t-ordú a chomhlíonadh

  • eolas a bheidh ina chabhair dúinn chun calaois nó bearta díobhálacha eile ar bith a bhrath, a chosc agus/nó a leigheas. Déanfaimid an t-eolas pearsanta a chuireann tú ar fáil (lena n-áirítear d’ainm, do sheoladh, sonraí maidir le hionstraimí maoinithe úsáideora, agus sonraí maidir le hidirbhearta íocaíochta ach gan a bheith teoranta dóibh sin) a fhíorú leis na próiseálaithe íocaíochta cuí agus/nó na gníomhaireachtaí tagartha creidmheasa agus calaoise. Le linn fíoraithe dá leithéid, gheobhaimid faisnéis inaitheanta phearsanta fút. Bainfidh eShopWorld úsáid as seirbhísí údaraithe cárta agus scagtha calaoise chun a fhíorú go bhfuil do chuid faisnéise cárta agus do sheoladh ag teacht leis an bhfaisnéis a chuir tú ar fáil do eShopWorld, agus nach bhfuil sé tuairiscithe gur cailleadh nó gur goideadh an cárta;

  • seoladh gréasáin an tsuímh óna dtáinig tú nó a bhfuil tú ag dul ann (faigheann eShopWorld an t-eolas seo go huathoibríoch). Bailímid chomh maith eolas maidir leis na leathanaigh dár suíomh idirlín ar a n-amharcann tú, le prótacail seoltaí Idirlín, le do bhrabhsálaí idirlín agus leis na hamanna a ndéanann tú rochtain ar ár gcuid suíomhanna.

  • sonraí maidir le cén uair a ndéanaimid teagmháil leat agus cén uair a ndéanann tú féin teagmháil linne. Coimeádaimid taifead de chomhfhreagras ríomhphoist ar bith a chuireann tú chugainn, i dtreo is go mbeimid in ann fadhbanna nó cúraim ar bith a rianú a bheadh ort maidir le táirgí nó siopaí ar bith de chuid an mhiondíoltóra a oibrítear trínár suíomhanna. (Féadaimid an comhfhreagras sin a thaifead, a stóráil agus a úsáid chun críche oiliúna nó gnó amach anseo. Áirítear leis seo, gan a bheith teoranta dóibh sin, úsáid a bhainfí astu i réiteach conspóidí agus/nó gearáin chuig an mbainistíocht);

  • sonraí déimeagrafacha agus ciseáin; agus

  • féadaimid comhaid bheaga sonraí a chur ar do ríomhaire nó ar do ghléas (“Fianáin”) uair ar bith a thugann tú cuairt ar na suíomhanna. Seoltar na Fianáin seo ar ais chuig an suíomh idirlín tionscnaimh ag gach cuairt ina dhiaidh sin, nó chuig suíomh idirlín eile a aithníonn an Fianán sin. Bíonn raon úsáidí ag Fianáin, ar nós cuimhneamh ar do chéadroghanna, agus feabhas tríd is tríd a chur ar an eispéireas ar líne agat. Má ba mhian leat tuilleadh eolais a fháil maidir leis an gcaoi a mbainimid úsáid as Fianáin agus leis an bhfáth go mbainimid úsáid astu agus leis an gcaoi a d’fhéadfá Fianáin atá stóráilte ar do ríomhaire nó ar do ghléas a bhainistiú, amharc le do thoil ar ár bPolasaí maidir le Fianáin.

Coimeádann eShopWorld taifead den eolas a thugann tú údarás dúinn le hé a bhailiú agus a úsáid. Coimeádaimid taifead de cheannachá(i)n ar bith a dhéanann tú ó shiopaí ar bith de chuid ár miondíoltóirí trí eShopWorld agus trí na suíomhanna. Ciallaíonn sé seo go bhféadann eShopWorld agus (i gcásanna áirithe) an miondíoltóir cabhrú leat chun déileáil le ceisteanna ar bith a bheadh agat, agus chun a chinntiú gur eolas bainteach é eolas ar bith a sheolaimid chugat.

Féadaimid ceisteanna a chur ort chomh maith ó am go ham chun eolas a fháil a úsáidfear chun feabhas a chur ar an eispéireas siopadóireachta agat trínár suíomhanna. Ní bhíonn ort na ceisteanna seo a fhreagairt, ach má fhreagraíonn tú iad féadaimid cumarsáid a dhéanamh leat trí pé meán is rogha leat.

Más mian leat an t-eolas atá curtha ar fáil dúinn agat a leasú mar go measann tú go bhfuil an méid atá ar taifead againn faoi láthair mícheart, agus/nó gur mian leat go scriosfaí an t-eolas seo as ár dtaifid, féadann tú déanamh amhlaidh trí dhul i dteagmháil linn de réir na sonraí atá tugtha thíos ag Tuilleadh Eolais – An Chaoi le Teacht Orainn.

Ag brath ar an áit ag a bhfuiltear ag cur na seirbhísí ar fáil duit, déanfaidh eShopWorld an t-eolas pearsanta fút a stóráil ar fhriothálaithe laistigh den Aontas Eorpach (AE) nó ar fhriothálaithe a bheidh suite in áiteanna eile lasmuigh den AE. Úsáidtear an t-eolas go léir a bhailímid tríd an úsáid a bhaineann tú as na Seirbhísí agus/nó na suíomhanna, nó trí chomhfhreagras leat, chun na Seirbhísí a thairgimid duit a sholáthar, a oibriú agus a fheabhsú agus chun ár Seirbhís a phearsantú. Táimid tiomanta do gan an t-eolas pearsanta fút a úsáid ach amháin chun:

  • an t-eolas maidir leis an ordú uait a chur ar aghaidh chuig an miondíoltóir sa chaoi go mbeidh siad in ann na hearraí agus na seirbhísí a sholáthar do eShopWorld;

  • an t-eolas a bhaineann leat a úsáid chun an díolachán eadrainn a chur i gcrích agus chun an t-ordú uait a chomhlíonadh. Féadaimidne agus/nó an miondíoltóir leas a bhaint as fo-chonraitheoirí (chun cabhrú le seachadadh agus comhlíonadh i measc nithe eile) chun do chuid orduithe a phróisiú agus chun iad a sholáthar duit;

  • fíorú a dhéanamh maidir le d’aitheantas agus le do mhodh íocaíochta nó le do chuntas cárta creidmheasa, ar mhaithe le calaois, sceimhlitheoireacht, agus/nó bearta ar bith eile a bheadh díobhálach nó coiriúil a bhrath, a chosc agus/nó a leigheas;

  • gníomhaíochtaí gnó eShopWorld a phleanáil agus a bhainistiú, anailísiú ar nósanna siopadóireachta custaiméirí agus próifíliú custaiméirí san áireamh;

  • taighde agus suirbhéanna ar chustaiméirí (dá mba rogha leat páirt a ghlacadh iontu); agus

  • seirbhís do chustaiméirí agus réiteach conspóidí.

Coimeádfaidh eShopWorld an t-eolas fút faoi rún agus ní chomhroinnfidh siad é ach le tríú páirtithe eile chun na críocha atá leagtha amach sa Ráiteas Príobháideachais seo. Is go cúramach a roghnaíonn eShopWorld soláthraithe seirbhísí gur tríú páirtithe iad. Ligeann siad seo dúinn Seirbhís níos gasta, níos éifeachtúla agus níos sábháilte a chur ar fáil duit faoi dheoidh. Táimid tar éis na soláthraithe seirbhísí gur tríú páirtithe iad a fhruiliú faoi chonradh agus bíonn orthu an t-eolas pearsanta a choimeád faoi rún agus slán, gan úsáid a bhaint as ach chun na críocha a cheadaímid.

Féadann eShopWorld an t-eolas fút a roinnt leis na haonáin seo a leanas:

  • cuideachta grúpa ar bith de chuid eShopWorld nó duine aonair ar bith a fhostaíonn siad;

  • an miondíoltóir;

  • soláthraithe seirbhíse lóistíochta agus seirbhíse eile seolta agus seachadta;

  • lucht tacaíocht oibríochtaí gnó;

  • seirbhísí próisithe íocaíochta;

  • seirbhísí teicneolaíochta;

  • gníomhairí agus conraitheoirí de chuid eShopWorld; agus

  • cuideachtaí seachtracha taighde a fhéadann teagmháil a dhéanamh leat go díreach (thar ár gceann) chun do thuairimí a fháil faoinár Seirbhísí (sa chás seo ní chuirimid ar fáil dóibh ach an t-eolas a theastaíonn uathu chun an fheidhm sin a chomhlíonadh).

Tá cásanna áirithe ann chomh maith ina mbeidh oibleagáid ar eShopWorld do chuid sonraí pearsanta a chur ar fáil do thríú páirtithe (mar atá leagtha amach thíos) agus admhálann tú é seo agus toilíonn tú le eShopWorld na bearta seo a leanas a dhéanamh:

  • áit a n-iarrann gníomhaireacht nó údarás forghníomhaithe dlí (nó údarás rialála nó údarás rialtais), atá i mbun gníomhaíochtaí neamhdhleathacha nó amhrasacha a iniúchadh, ar eShopWorld eolas a sholáthar (lena n-áirítear an t-eolas atá taifeadta ag gníomhaireachtaí cosctha calaoise ach gan a bheith teoranta dó sin) maidir le do chuid gníomhaíochtaí; agus

  • áit a mbíonn ar eShopWorld eolas riachtanach a nochtadh do phróiseálaithe íocaíochta, iniúchóirí, soláthraithe seirbhíse do chustaiméirí, gníomhaireachtaí calaoise, gníomhaireachtaí tagartha creidmheasa, soláthraithe táirgí airgeadais, cumainn cárta creidmheasa, comhpháirtithe tráchtála, comhpháirtithe margaíochta agus caidrimh phoiblí, nó do chuideachtaí grúpa, nó nuair a bhíonn orthu eolas a nochtadh i gcomhair imeachtaí dlíthiúla (mura ndeirtear a mhalairt go follasach, tá na tríú páirtithe seo teorannaithe de réir dlí nó de réir conartha ón eolas pearsanta fút a úsáid chun aon chríche eile seachas chun na críche chun a comhroinneadh é).

Sa chás chomh maith ina bhfaigheadh cuideachta eile ár ngnó nó go gcumascfaí le cuideachta eile é (is cuid dár ngnó iad ár dtaifid sonraí). Má tharlaíonn fáil dá leithéid, toilíonn tú le rochtain a bheith ag an gcuideachta comharbachta ar an eolas pearsanta fút atá arna choimeád ag eShopWorld, agus beidh cuideachta comharbachta dá leithéid faoi cheangal ag an Ráiteas Príobháideachais seo i gcónaí mura leasaítear é agus go dtí go leasaítear é.

Déanfaimid monatóireacht agus athbhreithniú ar chumarsáidí eadrainn féin agus tú féin chun a chinntiú go mbainistíonn an fhoireann seirbhíse custaiméirí againn agus an miondíoltóir do chuid orduithe go cuí, agus chun na críche sin amháin, agus déanfaimid é sin de réir na dtéarmaí agus na gcoinníollacha atá ar bun againn leis an miondíoltóir.

Ní meán slán cumarsáide amach is amach an t-idirlíon agus, dá réir sin, ní fhéadaimid slándáil eolais ar bith a sheolann tú chugainn (nó a sheolaimidne chugat) tríd an idirlíon a ráthú. Nílimid freagrach as damáistí ar bith a dhéanfaí duit nó do dhaoine eile mar thoradh ar chailliúint rúndachta eolais dá leithéid.

Déanaimid gach réamhchúram chun an t-eolas fút a chosaint. Chun na críche seo coimeádtar gach eolas pearsanta atá stóráilte againn ar fhriothálaí i dtimpeallacht shlán. Úsáidtear teicneolaíocht criptiúcháin Sraith Soicéad Slán chun eolas a chosaint atá faoi bhealach i gcomhair idirbheart íocaíochta.

Ní dheonaítear rochtain ar fhaisnéis inaitheanta phearsanta ach d’fhostaithe, don mhiondíoltóir agus dár soláthraithe seirbhíse tríú pháirtí a dteastaíonn an t-eolas uathu chun tasc sainiúil a chur i gcrích.

Coimeádfaidh eShopWorld an t-íosmhéid eolais phearsanta fút don tréimhse is gá chun na críocha atá leagtha amach sa Ráiteas Príobháideachais seo a chomhlíonadh mura gceanglaíonn nó mura gceadaíonn an dlí tréimhse choimeádta níos faide ná sin.

Nótáil le do thoil go bhfuil oibleagáidí éagsúla orainn na sonraí a chuireann tú ar fáil dúinn a choimeád, ina measc siúd an oibleagáid chun a chinntiú go bhféadtar idirbhearta a phróisiú go cuí, a shocrú, a aisíoc nó a ghearradh thar n-ais, agus an oibleagáid chun cabhrú le calaois a shainaithint agus chun géilleadh do dhlíthe agus rialacha a bhfuil feidhm acu inár leith agus i leith ár soláthraithe seirbhísí airgeadais.

Níl ár Seirbhísí dírithe ar dhaoine faoi bhun aois a trí déag (13). Iarraimid nach soláthródh daoine dá leithéid aon eolas pearsanta go díreach dúinn tríd ár Seirbhísí ar na suíomhanna.

Tá ár Seirbhísí domhanda, agus féadtar do chuid sonraí a stóráil agus a phróisiú i dtír ar bith ina bhfuil oibríochtaí againn nó ina bhfruilímid soláthraithe seirbhísí. Cuimsíonn sé seo tíortha ar bith lasmuigh den Limistéar Eacnamaíoch Eorpach (LEE) nó de na Stáit Aontaithe (SA). Tá eShopWorld tiomanta do leorchosaint an eolais phearsanta fút is cuma cá bhfuil na sonraí agus do leorchosaint an eolais phearsanta fút a chur ar fáil áit a n-aistrítear sonraí dá leithéid taobh amuigh den LEE nó de na SA.

Má bhaineann tú úsáid as ceann ar bith dár Seirbhísí trí na suíomhanna, toilíonn tú le próisiú na sonraí sa bhealach seo agus tugann tú údarás dúinn a leithéid de phróisiú a dhéanamh.

Chun tuilleadh eolais a fháil maidir leis an gcaoi leis na sonraí pearsanta fút a rochtain nó a bhainistiú, nó le míchruinnis a cheartú nó le sonraí ar bith díobh a scrios, nó má bhíonn aon cheisteanna nó gearáin agat maidir leis an gcaoi inar chaith muid leis na sonraí pearsanta céanna no lenár Ráiteas Príobháideachais, déan teagmháil linn tríd an ríomhphost le do thoil ag Privacy@eshopworld.com nó tríd an bpost ag:

Ceannasaí na Comhlíontachta
eShopWorld c/o U.S. Direct E-Commerce Teo
3ú Urlár, Foirgneamh na Slí Dála
100-115 Páirc Ghnó Airside Sord
Contae Bhaile Átha Cliath
Éire

Tá sé de cheart agat chomh maith gearán a thaisceadh ag údarás maoirseachta sa Bhallstát ina bhfuil cónaí ort, san áit ina bhfuil tú ag obair nó san áit ina líomhnaítear gur tharla an sárú. In Éirinn, is é Oifig an Choimisinéara Cosanta Sonraí an t-údarás maoirseachta cuí.

Forchoimeádann eShopWorld an ceart chun a Ráiteas Príobháideachais a leasú am ar bith. Tabharfaimid fógra duit faoi leasuithe ar bith dá leithéid tríd an Ráiteas Príobháideachais leasaithe a uaslódáil ar shuíomh idirlín eShopWorld. Ó dháta éifeachtach an Ráitis Phríobháideachais leasaithe amach, measfar gur thoiligh tú le gach leasú ar an Ráiteas Príobháideachais. Más rud é nach n-aontaíonn tú le téarmaí an Ráitis Phríobháideachais seo nó le téarmaí aon Ráitis Phríobháideachais leasaithe, ná bain úsáid as na Seirbhísí le do thoil. Seiceáil suíomh idirlín eShopWorld anseo ar bhonn rialta le do thoil chun leagan reatha ár Ráitis Phríobháideachais a fháil.

Ní ghlacann eShopWorld aon dliteanas, ná ní thugann sé aon baránta nó ráthú go bhfuil Ráiteas Príobháideachais, polasaí nó fógra aon mhiondíoltóra, nó aon aonáin eile, chuig a seoltar an t-eolas pearsanta fút de réir an Ráitis Phríobháideachais seo, ag géilleadh do reachtaíocht cosanta sonraí agus do dhlíthe maidir le príobháideachas. Níl eShopWorld freagrach as aon sárú nó cailliúint rúndachta i leith an eolais phearsanta fút ná as damáistí ar bith a dhéanfaí duit nó do dhaoine eile dá thoradh sin.

Ar rud a bheith ordaithe ar líne agat ó aon mhiondíoltóir trí aon cheann de na suíomhanna, comhroinnfear na sonraí pearsanta a chuireann tú faoi bhráid leis an miondíoltóir nó gheofar uaidh iad. Fútsa atá sé polasaí príobháideachais an mhiondíoltóra a léamh go cúramach agus a chleachtas maidir le caitheamh leis an eolas fút a thuiscint go hiomlán. Mas rud é go mbíonn aon cheisteanna le cur agat maidir lena pholasaí príobháideachais, dean teagmháil dhíreach leis an miondíoltóir le do thoil.