Beartas Fianán

AR | BG | CS | DA | DE | EN | ES-MX | ES | FR | FR-CA | GA | HE | HR | HU | ID | IT | JA | KO | LT | MS | NL | NO | PL | PT | RO | RU | SV | TH | TR | TW | UK | ZH-CN | ZH-HK

Beartas Fianán eShopWorld  

1. Faisnéis faoin mBeartas Fianán seo

Mínítear leis an mBeartas Fianán seo cad is fianáin ann agus cén chaoi a n-úsáideann eShopWorld na fianáin sin. Léigh an Beartas Fianán seo agus priontáil amach é sa chaoi go dtuigfidh tú cén cineál fianán a úsáidimid, an fhaisnéis a bhailímid leis na fianáin agus an úsáid a bhaineann eShopWorld as an bhfaisnéis sin.

Feic ár Ráiteas Príobháideachais le do thoil chun faisnéis a fháil ar an gcaoi a ndéanaimid do shonraí pearsanta a úsáid, a stóráil agus a choinneáil sábháilte.

Cuirtear in iúl duit freisin leis an mBeartas Fianán seo cé na cearta atá agat maidir leis na sonraí pearsanta a sheolann tú chugainn nuair a úsáideann tú fianáin eShopWorld. Má bhíonn aon cheisteanna agat maidir leis an mBeartas Fianán seo, déan teagmháil le do thoil le:

Seoladh:
Ceannasaí na Comhlíontachta
eShopWorld c/o U.S. Direct E-Commerce Teo
3ú Urlár, Foirgneamh na Slí Dála
100-115 Páirc Ghnó Airside
Sord
Contae Bhaile Átha Cliath
Éire

R-phost:
Privacy@eshopworld.com

2. Cad is Fianáin ann?

Is éard is fianán ann ná comhad beag de litreacha agus uimhreacha a stórálaimid ar do bhrabhsálaí nó ar thiomántán crua do ríomhaire.  Cuimsíonn fianáin faisnéis a aistrítear go dtí tiomántán crua do ríomhaire.  Feidhmíonn fianáin chun ligean duit ár suíomhanna a bhrabhsáil a réidhe is féidir agus bíonn cuimhne acu ar do chéadroghanna.

Féadtar fianáin a stóráil ar feadh fad éagsúil ama ar do bhrabhsálaí nó ar do ghléas.  Scriostar fianáin seisiúin as do bhrabhsálaí nó as do ghléas nuair a dhúnann tú do bhrabhsálaí gréasáin.  Beidh fianáin sheasmhacha stóráilte ar do ríomhaire nó ar do ghléas i gcónaí go dtí go scriostar iad nó go dtí a ndáta éaga.

Tá cineálacha éagsúla fianán ann.  Tagann cuid díobh go díreach ónár suíomh idirlín agus tagann cuid eile ó thríú páirtithe a chuireann fianáin ar ár suíomh.

Úsáidimid na fianáin seo a leanas:

i. Fianáin Riachtanais agus Feidhmiúlachta

Fianáin iad seo a theastaíonn chun ár suíomhanna idirlín a fheidhmiú.  Áirítear orthu, mar shampla, fianáin a chuireann ar do chumas tralaí siopadóireachta a úsáid, táirgí a chur i do chiseán agus seiceáil amach go sábháilte.  In éagmais na bhfianán seo, is cinnte go bhfuil codanna dár suíomh ann nach bhfeidhmeoidh mar ba cheart.  Úsáidtear iad seo freisin chun tú a aithint nuair a fhilleann tú ar ár suíomh idirlín.  Cuireann se seo ar ár gcumas an t-inneachar a phearsantú duit, beannú duit i d’ainm agus cuimhneamh ar do chéadroghanna, (mar shampla, do rogha teanga nó réigiúin).

ii. Fianáin Anailíseacha/Feidhmíochta

Cuireann siad ar ár gcumas na cuairteoirí a aithint, líon na gcuairteoirí a chomhaireamh, agus a fháil amach cén chaoi a mbogann cuairteoirí thart inár suíomh gréasáin agus iad á úsáid.  Dá bharr sin, féadaimid feabhas a chur ar fheidhmiú an tsuímh, mar shampla, trína chinntiú go dtagann úsáideoirí ar a bhfuil uathu go héasca.

 iii. Fianáin Dírithe

Taifeadann na fianáin seo do chuairt ar ár suíomh, na leathanaigh ar thug tú cuairt orthu agus na naisc a lean tú. Úsáidfimid an fhaisnéis seo chun an suíomh idirlín agus an fhógraíocht a thaispeántar air a chur in oiriúint do na suimeanna atá agat.

 

3. Cén chaoi a n-úsáideann eShopWorld na Fianáin seo?

Úsáideann ár suíomh idirlín fianáin chun tú a aithint ó na húsáideoirí eile ar ár suíomh. Oibríonn fianáin chun ligean duit ár suíomhanna a bhrabhsáil a réidhe is féidir agus bíonn cuimhne acu ar do chéadroghanna. Dá thairbhe seo, bímid in ann sásamh a chur ar fáil duit nuair a bhrabhsálann tú ár suíomhanna idirlín agus bímid in ann feabhas a cur ar an suíomh idirlín.   Úsáidimid fianáin chun cur le caighdeán na bhrabhsála agat trí:

  • Do rogha socruithe a aithint.
  • Brabhsáil ar leith a chur ar fáil duitse agus inneachar a sholáthar duit a chuireann le caighdeán na cuairte ar an suíomh agat dar linn.
  • Anailís a dhéanamh ar an gcaoi a n-úsáideann tú an suíomh, rud atá ina chabhair againn chun fadhbanna ar bith a fhabhtcheartú agus ár bhfeidhmíocht féin a mhonatóiriú.

Féadann tú tuilleadh eolais a fháil faoi na fianáin aonair a mbainimid úsáid astu agus faoi na críocha chun a mbainimid úsáid astu sa tábla thíos:

Fianán Ainm Críoch
·       ASP.NET_SessionId

·       esw.SessionId

·       eSwCurrentCurrency

·       eswUDCookie

·       TH-Authorization

·       esw.Lang

·       user_transaction_ids

·       esw.ReceiptSessionId

Fianáin Riachtanais agus Feidhmiúlachta Ligeann siad duit nascleanúint a dhéanamh ar ár suíomhanna, táirgí a chur i do chiseán, na socruithe teanga a shocrú, an leathanach ceart i gcomhair an ghléis atá á úsáid agat a thaispeáint, agus do shonraí a fhíorú nuair a thugann tú ordú, agus ligeann siad dúinne íocaíochtaí a phróiseáil i leith ordaithe.

Má roghnaíonn tú na fianáin seo a bhacadh is féidir nach bhfeidhmeoidh an suíomh idirlín mar is ceart agus go gcaillfear aon chéadroghanna atá agat.

·       _ga

·       _gat

·       _gid

·       _hjIncludedInSample

·       _gat

Fianáin Anailíseacha/Feidhmíochta Tá na fianáin seo ina chabhair dúinn chun an chaoi a n-úsáideann tú na suíomhanna  agus bealaí le feabhas a chur ar an gcaighdeán a thuiscint. Féadann na fianáin seo nithe a rianú, mar shampla, fad an ama a chaitheann tú ar shuíomh agus na leathanaigh ar a dtugann tú cuairt, sa chaoi go mbeimid in ann inneachar mealltach a tháirgeadh i gcónaí.

 

·       bounceClientVisit[id]

·       sc_fb_session

·       sc_fb

Fianáin Dírithe Is iad ár soláthraithe seirbhíse tríú pháirtí a chuireann na fianáin seo ar ár suíomh agus féadfaidh siad cuimhneamh ar do ghníomhaíocht bhrabhsála gréasáin agus féadfar iad a úsáid chun tuiscint a fháil ar do dhéimeagrafaic ar nós aoise agus inscne.

 

4. An Chaoi le Fianáin a Bhacadh?

Féadann tú fianáin a bhacadh tríd an socrú a ghníomhachtú ar do bhrabhsálaí a ligeann duit diúltú do shocrú na bhfianán go léir nó roinnt díobh.  Má bhacann tú na fianáin go léir (fianáin riachtanacha san áireamh), áfach, leis na socruithe ar do bhrabhsálaí is féidir nach mbeidh rochtain agat ach ar chodanna den suíomh agus go mbeidh na codanna eile dorochtana.

 

Top